Fáiltíonn an tUachtarán roimh Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Michael Richard Pence

Mái 3rd Meá, 2019 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Tuesday, 03rd September, 2019

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Michael Richard Pence

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, Mike Pence, chuig Áras an Uachtaráin inniu.

Rinneadh machnamh sa chruinniú ar an nasc domhain agus ar an gcaidreamh buan cairdis, cultúir agus trádála idir Éire agus na Stáit Aontaithe agus leagadh béim ar an ngá le comhoibriú leanúnach iltaobhach chun dul i ngleic go héifeachtúil le dúshláin dhomhanda agus réigiúnacha.

Thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheantas do thacaíocht sheanbhunaithe na SA do phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann agus chuir sé béim ar thábhacht na reachtaíochta i dtaca le cearta an duine agus leis an gcomhionannas maidir le réiteach na coimhlinte agus le cur chun cinn an athraithe shóisialta ar oileán na hÉireann.

Tharraing an tUachtarán aird ar na hábhair imní atá ag an dá náisiún maidir le dúshláin imeacht na Breataine as an AE, agus leag sé béim ar an ról tábhachtach atá ag an gcomhoibriú iltaobhach chun dul i ngleic le ceisteanna casta amhail an choimhlint, an bhochtaineacht, an easpa slándála bia agus an t-athrú aeráide.

Chomh maith leis sin, phléigh an bheirt cheannairí ceisteanna reatha a bhaineann le hÉirinn, leis an Eoraip agus leis an domhan, agus cúrsaí san Aontas Eorpach le gairid san áireamh.

Labhair an tUachtarán Ó hUigínn agus an Leas-Uachtarán ar cheangal clainne an Leas-Uachtaráin Pence le hÉirinn agus ar an ról a bhí agus atá fós ag imircigh na hÉireann i sochaí na Stát Aontaithe. Chuir an tUachtarán béim ar an tábhacht a bhaineann le freagairt ar bhealach dóthanach agus comhbhách do riachtanais imirceach agus teifeach, taobh istigh de chreatlach dhlí idirnáisiúnta na himirce.