Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir an tSín go hÉirinn ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil

Lua 8th Aib, 2019 | 17:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Monday, 08th April, 2019

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir an tSín go hÉirinn ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil

D'fháiltigh an tUachtarán roimh A. Sh. An tUasal Dr Yue Xiaoyong, Ambasadóir an tSín chun na hÉireann, ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil inniu.  

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.