Fáiltíonn an tUachtarán roimh An Uasal Rhys McClenaghan ar chuairt chúirtéise

hAo 7th Meá, 2018 | 14:30
Fáiltíonn an tUachtarán roimh An Uasal Rhys McClenaghan ar chuairt chúirtéise

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh bhuaiteoir an bhoinn óir i gCraobhchomórtas na hEorpa, Rhys McClenaghan chuig Áras an Uachtaráin.

Is é Rhys McClenaghan an chéad ghleacaí Éireannach le bonn Eorpach a bhuachan, agus bhuaigh sé bonn óir ar an gcapall corr i gCluichí an Chomhlathais Bhriotanaigh in 2018 chomh maith. 

Ar an 12 Lúnasa scríobh an tUachtarán Ó hUigínn “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Rhys McClenaghan as an éacht iontach atá déanta aige, agus bonn óir á bhuachan aige i nGlaschú”.