Fáiltíonn an tUachtarán roimh Chlann Mhic Réamoinn ar chuairt chúirtéise Áras an Uachtaráin

Mái 30th Sam, 2021 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Tuesday, 30th November, 2021

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Chlann Mhic Réamoinn ar chuairt chúirtéise Áras an Uachtaráin

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Brian Redmond, Uasal, Colette Redmond, Uasal agus Chloe Redmond, a thug cuairt chúirtéise air; thaispeáin siad doiciméid agus grianghraif ó bhailiúchán cuimhneacháin a muintire ó chomhráite an Chonartha i Londain in 1921 don Uachtarán. 

Bhí seanaintíní an Uasail Redmond, Ellie agus Alice Lyons, ina rúnaithe ag Mícheál Ó Coileáin agus ina dhiaidh sin ag Risteard Ó Maolchatha, agus bhí siad lonnaithe in Hanns Place nuair a bhí na comhráite ar siúl.

I measc na ndoiciméad a taispeánadh don Uachtarán bhí grianghraif phortráide shínithe de Mhicheál Ó Coileáin agus Risteard Ó Maolchatha, leabhar gearrthóg ina raibh gearrthóga as nuachtáin na tréimhse, bunchóipeanna de ghrianghraif éagsúla, leabhair shínithe idirbheartaithe an Chonartha, agus biachlár an dinnéir cheiliúrtha ar an oíche ar aontaíodh an Conradh atá sínithe ag gach duine a bhí i láthair.