Buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn le A.S. Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince

Déa 26th Lún, 2021 | 10:15
suíomh: (Dublin) Áras an Uachtaráin

(Dublin) Áras an Uachtaráin

Thursday, 26th August, 2021

Buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn le A.S. Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince

Déardaoin 26 Lúnasa cuirfidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh A.S. Emmanuel Macron, Uachtarán Poblacht na Fraince ag Áras an Uachtaráin.
 
Tógfaidh an tUachtarán Macron cuairt lae ar Éirinn, agus cuirfidh an tUachtarán agus a bhean Saidhbhín fáilte roimhe chun na tíre. Tar éis an tsearmanais fáilte, beidh cruinniú déthaobhach ag an bheirt Cinn Stáit in Áras an Uachtaráin, agus leanfaidh cruinniú le grúpa smaointeoirí agus scríbhneoirí iomráiteacha.
 
Sa tráthnóna, óstálfaidh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín dinnéar oibre in onóir Uachtarán na Fraince.