Fáiltíonn an tUachtarán roimh Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince agus an tAire Stáit Gnóthaí Eorpacha ar chuairt cúirtéise

Déa 20th Bea, 2021 | 18:15
suíomh: (Dublin) Áras an Uachtaráin

(Dublin) Áras an Uachtaráin

Thursday, 20th May, 2021

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince agus an tAire Stáit Gnóthaí Eorpacha ar chuairt cúirtéise

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, an tUasal Jean-Yves Le Drian, agus an tAire Stáit Gnóthaí Eorpacha, an tUasal Clément Beaune, go hÁras an Uachtaráin.

Bhuail an tUachtarán leis an Uasal Le Drian den chéad uair nuair a bhí siad ina méara ar Ghaillimh agus Lorient, faoi seach. Bhuail an bheirt fhear arís le chéile le linn chuairt oifigiúil an Uachtaráin in 2014 ar an bhFéile Interceltique de Lorient agus go comóradh an Chéad Chogaidh Domhanda i Liege agus Mons sa Bheilg, agus i rith comóradh an Chéad Chogaidh Domhanda in Gallipoli in 2015.

D’óstáil an tUachtarán an tUasal Le Drian ag Áras an Uachtaráin in 2013, 2018 agus 2019. In 2020, bhuail an tUachtarán le toscaireacht na Féile Interceltique de Lorient.