President receives Dr. Amal Al Qubaisi, Speaker of the UAE Assembly

hAo 3rd Már, 2017 | 11:00
President receives Dr. Amal Al Qubaisi, Speaker of the UAE Assembly

Chuir an tUachtarán fáilte inniu roimh an  Dr. Amal Abdullah Al Qubaisi, Uachtarán Chomhairle Náisiúnta Chónaidhme Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, chomh maith le comhaltaí phairlimint náisiúnta Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go hÁras an Uachtaráin. 

Ceapadh an tUasal Al Qubaisi i mí na Samhna 2015, agus is ionadaí í thar ceann Abu Dhabi ar an gComhairle Náisiúnta Chónaidhme agus an chéad cheannaire mná i bpairlimint náisiúnta i réigiún na Murascaille.

Dúirt an tUachtarán:

"Is pribhléid agus cúis áthais dom fáilte a chur roimh Spéicéir na Comhairle Náisiúnta Cónaidhme, an Dr. Al Qubaisi, chuig Áras an Uachtaráin.

Bhí cruinniú cairdiúil fada againn agus malartú tuairimí ar cheisteanna reatha domhanda, réigiúnacha agus déthaobhacha. Phléamar deiseanna chun comhoibriú idir ár dá thír a neartú, i réimsí amhail an talmhaíocht, an turasóireacht, an t-iompar, an comhshaol, ceisteanna daonnachtúla agus cearta an duine.”