Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dochtúir Ríonach Uí Ógáin agus a Comhluadar; bronnfar an saothar “Life, Lore and Song / Binneas an tSiansa” ar an Uachtarán

Déa 6th Fea, 2020 | 12:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Thursday, 06th February, 2020

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dochtúir Ríonach Uí Ógáin agus a Comhluadar; bronnfar an saothar “Life, Lore and Song / Binneas an tSiansa” ar an Uachtarán

Chuir an tUachtarán fáilte roimh údair agus eagarthóirí "Life, lore and song: essays in Irish tradition in honour of Ríonach Uí Ógáin / Binneas an tSiansa", bailiúchán léinn pearsanta in ómós do Ríonach Uí Ógáin, Ollamh Emeritus le Béaloideas na hÉireann agus iarstiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

Bhí an tOllamh Ríonach Uí Ógáin ina Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, cnuasach uathúil d’oidhreacht bhéaloidis na hÉireann agus ceann de na bailiúcháin bhéaloidis is mó ar domhan. Tógadh an Cnuasach Béaloidis ar bhonn na hoibre a rinne Coimisiún Béaloidis na hÉireann.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn ina Phátrún ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

 

 

Imeachtaí bainteacha:

Féach freisin: