Fáiltíonn an tUachtarán roimh ghrúpa gasúr agus teaghlaigh, atá tagtha chun na tíre seo ar saoire, mar chuid den “Chernobyl Children International”

Céa 19th Nol, 2018 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Wednesday, 19th December, 2018

Fáiltíonn an tUachtarán roimh ghrúpa gasúr agus teaghlaigh, atá tagtha chun na tíre seo ar saoire, mar chuid den “Chernobyl Children International”

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh ghrúpa speisialta páistí as Chernobyl. 

Tharla an chuairt ar theach cónaithe an Uachtaráin níos lú ná 24 uair an chloig tar éis don ghrúpa Aerfort Bhaile Átha Cliath a shroicheadh; beidh scíth agus biseach ar fáil dóibh chun a sláinte a neartú agus iad ar cuairt ar an gCarthanas Idirnáisiúnta  do Pháistí Chernobyl.  

Ghlac íospartach Chernobyl Sasha Levkin buíochas leis an Uachtarán agus leis na saorálaithe agus na deontóirí go léir. D’éirigh sé gur ambasadóir agus urlabhraí ar son íospartaigh Chernobyl í Sasha, a bhfuil pairilis cheirbreach fhorbartha ag cur as di agus atá ina cónaí i dteach inar féidir léi maireachtáil go neamhspleách, a bhfuil ceannródaíocht déanta ina leith ag an gcarthanas atá lonnaithe i gCorcaigh.

Ba é an tUachtarán Ó hUigínn an chéad cheannaire domhanda a thairg a thacaíocht a thabhairt do “Lá Cuimhneacháin Thubaiste Chernobyl de chuid na Náisún Aontaithe”, a cuireadh ar bun i ndiaidh do Adi Roche aitheasc a thabhairt do Chomhthionól Ginearálta na Náisún Aontaithe ar chothrom lae 30 bliain thubaiste Chernobyl sa bhliain 2016.  

I litir tacaíochta don chéad chomóradh, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn gur “Ceannaire domhanda i dtacú agus i bhfách leis na páistí ar chuir tubaiste Chernobyl isteach orthu ar fud na réigiún buailte a bhí sa Charthanas Idirnáisiúnta  do Pháistí Chernobyl de chuid Adi Roche.”