Fáiltiú le lánsearmanas in ómós don Uachtarán ar a thuras go Vítneam

Lua 7th Sam, 2016 | 09:30
suíomh: Hanáí, Vítneam
Fáiltiú le lánsearmanas in ómós don Uachtarán ar a thuras go Vítneam

Cuireadh fáilte dheasghnách roimh an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar thailte Phálás an Uachtaráin i Hanáí. 

Chuir an tUachtarán Tran Dai Quang agus a chéile, Madame Nguyen Thi Hien, fáilte roimh an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn, agus bhronn beirt pháistí bláthanna orthu. Seinneadh amhráin náisiúnta na hÉireann agus Vítneam, agus ina dhiaidh sin rinne an bheirt Uachtarán léirbhreithniú ar Gharda Onóra.