Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge Mirjana Spoljaric Egger uasal

hAo 18th Sam, 2022 | 11:45
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Friday, 18th November, 2022

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge Mirjana Spoljaric Egger uasal

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Uasal Mirjana Spoljaric Egger, Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, ar chuairt chúirtéise in Áras an Uachtaráin.

Sular ghlac sí leis an Uachtaránacht, ó mí Lúnasa 2018 ar aghaidh, bhí an tUasal Spoljaric mar Ard-Rúnaí Cúnta na Náisiún Aontaithe, mar Riarthóir Cúnta Chlár Forbartha an AE (UNDP), agus mar Stiúrthóir Oifige Réigiúnaí don Eoraip agus don CIS.

Feidhmíonn an ICRC, a bunaíodh in 1893, ar bhonn domhanda chun cabhrú le daoine atá buailte go dona ag an gcoimhlint agus ag an bhforéigean armtha, mar aon le dlíthe a chosnaíonn íospartaigh cogaidh a chur chun cinn. Eagraíocht neamhspleách, neodrach is ea í a bhfuil a húdarás fréamhaithe i gCoinbhinsiún na Ginéive, 1949