Fáiltíonn an tUachtarán roimh Andrew O’Brien, Uasal, - ón eagraíocht a chuidíonn le Daoine gan Dídean i Lár na Cathrach, - ar chuairt chúirtéise

Déa 24th Meá, 2020 | 11:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Thursday, 24th September, 2020

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Andrew O’Brien, Uasal, - ón eagraíocht a chuidíonn le Daoine gan Dídean i Lár na Cathrach, - ar chuairt chúirtéise

Chuir an tUachtarán O hUigínn fáilte roimh an Uasal Andrew O’Brien chuig Áras an Uachtaráin. Bhronn an tUasal O'Brien píosa ealaíne ar an Uachtarán,  mar chomhartha buíochais as tacaíocht an Uachtaráin. 

Le linn a gcruinnithe, phléigh an tUachtarán agus a aoi obair Inner City Helping Homeless, carthanas atá i mbun oibre chun deireadh a chur le heaspa dídine i mBaile Átha Cliath.

Is téamaí iad an Tithíocht agus an Easpa Dídine a thagann aníos arís is arís eile in obair an Uachtaráin Uí Uigínn, maidir le tithíocht in Éirinn agus taithí na ndaoine a ruaigtear óna dtithe agus óna n-áiteanna dúchais.  Chun tuilleadh eolais a fháil, féach anseo.