Bronnann an tUachtarán Boinn Óir Sheáin Uí Riada ar an gcláirseoir Fionnuala Donlon agus an píobaire Colm Broderick

Mái 12th Dei, 2021 | 15:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Tuesday, 12th October, 2021

Bronnann an tUachtarán Boinn Óir Sheáin Uí Riada ar an gcláirseoir Fionnuala Donlon agus an píobaire Colm Broderick

Bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Bonn Óir Seán Ó Riada ar an bpíobaire Colm Broderick as Ceatharlach, agus ar an gcruitire Fionnuala Donlon, as Dún Dealgan i gCo. Lú, ag searmanas speisialta in Áras an Uachtaráin Dé Máirt.  Tá sé caoga bliain i mbliana ó cailleadh an ceoltóir agus an cumadóir Seán Ó Riada, agus is comhartha ómóis agus aitheantais a bhí sa searmanas ar thábhacht ollmhór oidhreacht an Riadaigh.  Ba aitheantas a bhí ann freisin ar a dhúslánaí is a bhí sé do cheoltóirí agus do lucht na n-ealaíon tré chéile le bliain go leith anuas de bharr na paindéime.   

Chas na ceoltóirí don Uachtarán, agus ansin bronnadh na boinn óir orthu, a bhfuil a gcuid ainmneacha greanta orthu. 

Reáchtálann Peadar Ó Riada Comórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada go bliantúil ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.