Gradaim Óir Gaisce á mbronnadh ag an Uachtarán

Céa 27th Sam, 2019 | 14:00
suíomh: (Laois) An Príosún Lár Tíre

(Laois) An Príosún Lár Tíre

Wednesday, 27th November, 2019

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar an bPríosún Lár Tíre chun Gradam Órga a bhronnadh ar cheann de rannpháirtithe Ghaisce.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis a bheith ag spreagadh Gaisce le béim níos mó a chur ar chaidreamh a bhunú le fir agus mná óga atá faoi mhíbhuntáiste, tríd an gclár “Dúshlán an Uachtaráin” a leathnú chun daoine atá faoi choinneáil agus in ionaid soláthar díreach a chuimsiú.

Thug an tUachtarán cuairt ar an bpríosún cheana chun gradaim a bhronnadh ar rannpháirtithe i nGaisce. Bhronn sé gradaim Ghaisce freisin in Ionad Oscailte Theach an Locháin i gContae an Chabháin agus ar Champas Coinneála Páistí Bhaile an Oibricigh, agus i mí an Mheithimh i mbliana thug sé cuireadh d’ionadaithe ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus ó Ghaisce chuig Áras an Uachtaráin, chun an comhoibriú atá ag fás idir an dá eagraíocht a chomóradh. 


Related Events: