Gaisce - Gradaim Óir an Uachtaráin á mbronnadh ag an Uachtarán

Mái 6th Nol, 2016 | 14:30
suíomh: Caisleán Bhaile Átha Cliath

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Tuesday, 06th December, 2016

Gaisce - Gradaim Óir an Uachtaráin á mbronnadh ag an Uachtarán

Is scéim gradam an Uachtaráin atá in Gaisce a bhfuil sí mar aidhm aige an acmhainn atá san óige a chothú trína spreagadh cuspóirí a leagan amach i réimsí éagsúla agus ansin iad a bhaint amach.

Ag searmanas bronnta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheantas do dhaoine óga a chaith a gcuid ama go deonach le heagrais dheonacha, ag obair leis na bochtáin, na daoine aosta agus le daoine faoi mhíchumas agus ag glacadh páirte i ngrúpaí agus i gclubanna óige.