Oscailt oifigiúil na féile Bloom á dhéanamh ag an Uachtarán

Déa 30th Bea, 2019 | 11:15
suíomh: (Baile Átha Cliath) Páirc an Fhionnuisce
Oscailt oifigiúil na féile Bloom á dhéanamh ag an Uachtarán

Ar an 30 Bealtaine, d'oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn taispeántas bliantúil ‘Bloom’ go foirmiúil i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. 

 Tá an tUachtarán ina phátrún ar an bhféile, a mheallann os cionn 100,000 cuairteoir gach bliain. 

Thug an tUachtarán cuairt ar líon mó gairdíní taispeána agus thug sé óráid chun an fhéile a oscailt go hoifigiúil. Ina óráid, léirigh an tUachtarán ómós d’eagraithe na féile agus labhair sé ar an tábhacht atá le táirgeadh bia inbhuanaithe dár ngeilleagar agus dár sláinte agus folláine araon. 

Ag labhairt ag taispeántas 2014, dúirt an tUachtarán go spreagann Bloom daoine chun a ról a imirt chun ár ngnáthóg agus ár gcomhshaoil a dhéanamh níos inbhuanaithe agus go gcuireann an fhéile “deis uathúil ar fáil do gharraíodóirí, gairneoirí agus dearthóirí tírdhreacha ar fud na tíre teacht le chéile agus a dtáirge, a gcruthaitheacht agus a scileanna a phoibliú.”

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcaoi a mbreathnaítear amach do na gairdíní ag an Áras, féach ar a bhfíseán seo: An Príomhgharraíodóir