Glacann an tUachtarán páirt i bhFéile Scríbhneoireachta agus Smaointe

hAo 20th Lún, 2021 | 18:00
suíomh: Borris, Co. Carlow

Borris, Co. Carlow

Friday, 20th August, 2021

Glacann an tUachtarán páirt i bhFéile Scríbhneoireachta agus Smaointe

Glacfaidh an tUachtarán páirt i bhFéile Scríbhneoireachta agus Smaointe 2021, sa Bhuiríos, Co. Ceatharlach.

Bíonn an Fhéile Scríbhneoireachta agus Smaointe ar fhearann Teach Borris gach bliain. 

Tagann scríbhneoirí, ealaíontóirí, scoláirí agus iriseoirí le chéile ag an bhféile thar deireadh seachtaine chun comhrá agus caidreamh a bheith eatarthu ó thosaigh sí i 2012.

Cuirfear agallamh ar an Uachtarán Ó hUigínn ag David Puttnam. Is léiritheoir scannáin, oideoir, gníomhaí timpeallachta agus ball Teach na dTiarnaí na Breataine é David Puttnam.

 

Níos luaithe sa bhliain, chuir an tÚdar Colm Toibín agallamh ar an Uachtarán don chuid den fhéile ar líne. Bhí leabhar úr óráidí an Uachtaráin “Reclaiming the European Street” agus smaointe an Uachtaráin maidir le tábhacht na n-ealaíon, cruthaitheacht agus iadsan a oibríonn sna hearnálacha cruthaitheacha mar bhunús an chomhrá sin.

Clic anseo chun an agallamh a fheiceáil.