Seolann an tUachtarán réim féaraigh nua do thailte an Árais

Lua 20th Meá, 2021 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Monday, 20th September, 2021

Seolann an tUachtarán réim féaraigh nua do thailte an Árais

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh seacht mbó dhúchasacha Dexter á seachadadh aige le tús a chur lena dtréimhse chónaithe cheithre mhí ar thailte Áras an Uachtaráin.

Beidh an t-eallach ar féarach ar thailte an Árais mar chuid de chlár oibre le bithéagsúlacht an tsuímh 130 acra a fheabhsú. 

Eascraíonn an socrúchán seo ó mholtaí a rinneadh san iniúchadh bithéagsúlachta is déanaí, coimisiúnaithe ag an Uachtarán Ó hUigínn, ar mhaithe le plean caomhnaithe a fhorbairt do thailte Áras an Uachtaráin.

Cuirfear innilt na n-ainmhithe i bhfeidhm in éineacht le lomadh tréimhsiúil, ar mhaithe le hualach cothaitheach na hithreach a ísliú, agus le tabhairt isteach cnagarnach nua a chuirfidh an féar faoi chois, tá sé mar aidhm go gcuirfidh an t-eallach le bithéagsúlacht na gcluainte ar fhearann an Árais, agus as sin go gcruthófar bláthanna fiáine, a mbeidh fána méadaithe ag brath orthu agus ar éagsúlacht flora.  

Bíonn an t-eallach lonnaithe de ghnáth i dTuaisceart Chontae Átha Cliath, agus atá mar chuid de chlár féaraigh inbhuanaithe cheantar cósta cosanta Chomhairle Contae Fhine Gall 
 

 

Imeachtaí gaolmhara: