Seoladh an Fhoclóra nua Béarla-Gaeilge

hAo 30th Dei, 2020 | 13:00

Friday, 30th October, 2020

President launches new English-Irish dictionary

30 October 2020

Tugann foclóir mór náisiúnta stádas agus gradam ar leith don teanga i measc a pobail féin.

A Dhaoine Uaisle, a chairde,

Is cúis áthais dom a bheith páirteach san ócáid thábhachtach seo, agus muid bailithe chun an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge clóite a sheoladh go hoifigiúil.  Gabhaim buíochas ó mo chroí le Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, as an gcuireadh a thug sé dom a bheith páirteach.  

Cé nach bhfuil sé ar ár gcumas a bheith bailithe san áit chéanna chun an gaisce seo a cheiliúradh, tá deis againn inniu mar chuid d’Oireachtas na Samhna, ár n-aitheantas a thabhairt go poiblí agus go fíorúil, do gach éinne a bhí páirteach san oll-tógra, uile-Éireann seo a thosaigh sa bhliain 2000.  

Breis agus seacht mbliana ó shin bhailíomar le chéile sa Ghailearaí Náisiúnta chun an leagan digiteach den fhoclóir a sheoladh, foclóir.ie. Is cuimhin liom smaoineamh ag an am sin gur maith an cinneadh a bhí ann torthaí an obair a bhí déanta go dtí sin a chur ar fáil don phobal mór, a fhad is a bhí sibh ag saothair i dtreo an fhoclóra dhigitigh féin a chríochnú agus an leagan crua a chur i gcló. Breis agus trí scór bliain óna d’fhoilsíodh foclóir de Bhaldraithe, tá an lá anois tagtha go bhfuil Foclóir Béarla-Gaeilge nua, clóite, comhaimseartha ar an saol. Molaim sibh uilig.

Tá buíochas agus meas na tíre tuillte ag an bhfoireann mhór a thug faoin obair ríthábhachtach seo le fiche bliain anuas. Faoi stiúir Príomheagarthóir, Pádraig Ó Mianáin agus eagarthóirí sinsearacha Joe Ó Labhraí agus Seosamh Ó Murchú, thug siad aghaidh ar an iliomad dúshlán foclóir nuálach, inúsáidte a chur le chéile sa ré dhigiteach ina mairimid.     

Gan dabht ar bith, is saothar mór fada dúshlánach é foclóir a chur i dtoll a chéile. Tuigimid freisin gur fíor an scéal é ach chomh luath agus a fhoilsítear foclóir, tosaíonn sé ag dul in aois, ag éirí as dáta, ag scaradh diaidh ar ndiaidh ón dá theanga bheo agus conas a labhraítear agus a scríobhtar iad. Mar a n-aithníonn sibhse a thug faoin togra seo, agus mar a d'aithin Tomás de Bhaldraithe féin daichead bliain ó shin agus é ag moladh leagan nua den fhoclóir ag tús na n-Ochtóidí, teastaíonn nuashonrú rialta ar a leithéid i gcomhréir le hathruithe sa saol mór,  ar stór focal an Bhéarla, agus ar fhorbairt na Gaeilge féin.

Mar is eol daoibh chomh maith b’fhéidir, tá bibliophile do-laigheasta agaibh mar Uachtarán agus tugann sé sásamh faoi leith dom an leagan clóite seo a bheith ar láimh agam agus mé ag obair ar óráidí agus ráitis éagsúla. Tréaslaím leis na clódóirí PB Print Solutions agus Grafica Veneta as leabhar álainn a fhoilsiú.

É sin ráite, tuigim go bhfuil luach faoi leith ag baint le foclóir.ie san aois ina mairimid. Ar an gcéad dul síos tá an suíomh agus an aip ar fáil saor in aisce. Gné oiriúnach agus dhaonlathach den chur chuige a bhain leis an togra.

An dara rud ná go bhfuil siad inúsáidte agus is léir go bhfuil siad mealltach le dhá mhilliún go leith duine á n-úsáid in aghaidh na bliana. Ach an rud is suntasaí, b’fhéidir, ná go mbeidh sé i bhfad níos fosta athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an bhfoclóir, ag cur leis agus ag déanamh athruithe cuí bliain i ndiaidh bliana. Ar an gcaoi sin beidh an foclóir  ag fás agus ag athrú leis an mBéarla agus leis an nGaeilge mar a n-úsáidtear iad. É sin déanta, d’fheadfaí eagráin nua den fhoclóir coimrithe a fhoilsiú go rialta, dúinne atá chomh tógtha leis an bhfocal clóite!   

Agus muid ag ceiliúradh toradh bhur n-iarrachtaí, is fiú focal buíochais a rá inniu maidir leis an saothar a dhéanadh sular thosaigh sibh ar an aistear seo fiche bliain ó shin. Táimid fós ag baint tairbhe as Magnum Opus Thomáis de Bhaldraithe agus táimid fós go mór faoi chomaoin aige. Ar bhonn pearsanta, tá mac Thomáis, Pádraig de Bhaldraithe mar chara agus chomhairleoir dom féin agus don Áras ar chúrsaí Gaeilge agus déanfaidh mé an deis seo a thapú mo bhuíochas a chur in iúl don athair agus an mac. 

Cé gurb é seo an chéad fhoclóir mór náisiúnta Béarla-Gaeilge ó 1959, caithfear a mheabhrú gur tógadh céim shuntasach chun cinn i réimse na foclóireachta ina dhiaidh le  Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill sa bhliain 1977.  Ba é aidhm an fhoclóra sin ná an chuid ba choitianta de stór focal na Nua-Ghaeilge a thabhairt le chéile agus sainmhíniú i mBéarla a sholáthar dóibh.  Tugadh tús áite don teanga bheo, do théarmaíocht nua-aoiseach agus cuimsíodh foclaíocht as litríocht na Nua-Gaeilge.   

Airím go bhfuil an cur chuige céanna tógtha san fhoclóir seo, le béim faoi leith ar an dá theanga mar a úsáidtear iad  agus molaim é dá bharr.

Toradh tánaisteach ach tábhachtach, dar ndóigh, a eascraíonn go díreach as an tionscadal áirithe seo ná go bhfuil foclóir de Bhaldraithe agus foclóir Uí Dhónaill araon ar fáil anois i bhfoirm inchuardaithe ar an idirlíon anois agus is iontach an rud é sin.

Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn mar thír gur éirigh libh an togra seo a chur i gcrích, go háirithe i bhfianaise cé chomh criticiúil atá a leithéid d'áis don phobal i gcoitinne, idir fhoghlaimeoirí Gaeilge, chainteoirí líofa, mhúinteoirí, mhic léinn, aistritheoirí, an earnáil phoiblí agus lucht na meán.

Tugann foclóir mór náisiúnta stádas agus gradam ar leith don teanga i measc a pobail féin.  I gcás na hÉireann, tá tábhacht bhreise i gceist toisc an Ghaeilge a bheith mar theanga mhionlach atá faoi shíorbhrú ag ceann de mhórtheangacha an domhain.  Dar ndóigh, tá acmhainn an fhoclóra nua níos luachmhaire fós i bhfianaise mórfhorbairtí teanga le blianta beaga anuas – áirím anseo stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Eoraip, na dualgais a thiteann ar eagrais phoiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus ar ndóigh, spriocanna tábhachtacha an dá Rialtas maidir le cur chun cinn na teanga sa tír seo.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Foras na Gaeilge, leis an dá Rialtas ar an Oileán seo a thug tacaíocht dóibh an togra seo a chur i gcrích, leis an bhfoireann éirimiúil foclóireachta agus le gach duine eile a raibh lámh nó páirt acu sa tionscadal éachtach seo.

Caithfidh mé buíochas ar leith a ghabháil leo siúd a thiomáin an tionscadal seo lá i ndiaidh lae thar scór bliain.  Siad sin: na Bainisteoirí Tionscadal Cathal Convery agus Cormac Breathnach, agus Eagarthóir an fhoclóra, Pádraig Ó Mianáin.  Tá éacht déanta agaibh. Tréaslaím libh agus molaim sibh.

Cuirim fáilte mhór roimh an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge atá anois curtha i gcló.  Foinse luachmhar atá curtha ar fáil do phobal na Gaeilge cibé áit ina bhfuileadar, agus fógraím anois go bhfuil an Foclóir seo seolta go hoifigiúil. 

Beir beannacht agus go dté sibh slán.