An tUachtarán leis an tríú seimineár sa tsraith “Machnamh 100” a óstáil

Déa 27th Bea, 2021 | 19:00
suíomh: (Dublin) Áras an Uachtaráin

(Dublin) Áras an Uachtaráin

Thursday, 27th May, 2021

An tUachtarán leis an tríú seimineár sa tsraith “Machnamh 100” a óstáil

‘Machnamh 100’ – Comóradh Céad Bliain Uachtarán na hÉireann  
 
Óstálfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn an tríú seimineár sa tsraith Machnamh 100. 

Sa tríú seimineár i sraith mhachnamhach an Uachtaráin ar stair na hÉireann, pléifidh an painéal Éire céad bliain ó shin, i dtéarmaí aicme sóisialta, talamh agus an inscne.

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ag óstáil sraith seimineár a thugann cuireadh do dhaoine machnamh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse, ar Chomhráite an Chonartha, ar Chogadh na gCarad agus ar an gCríochdheighilt. ‘Machnamh 100’ a thugtar ar an tsraith seo, is coincheap ársa sa Ghaeilge an focal 'machnamh' a chuimsíonn marana, smaoineamh agus cuimhneamh.

Sa tsraith, roinneann scoláirí ceannródaíocha a léargais ar an gcomhthéacs agus ar na himeachtaí sa tréimhse mhúnlaitheach sin céad bliain ó shin agus ar chineál an chomórtha féin. 

Díreoidh an tríú seimineár sa tsraith ar cheisteanna faoin aicme sóisialta, talamh agus ról na mban, topaicí iad seo atá fite fuaite go daingean i gcomhthéacs Éire an fichiú haois.

Is tionscnamh de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn atá in ‘Machnamh 100’ atá bunaithe ar a shaothar leathan go dtí seo le linn Dheich mBliana Comórtha na hÉireann ina bhfuil iniúchadh agus plé déanta aige ar eachtraí ceannródaíocha amhail Frithdhúnadh Mór 1913, an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Paindéim an Fhliú, toghchán 1918 agus an Chéad Dáil. Tá tacaíocht á tabhairt ag an Rialtas agus ag RTÉ do Machnamh 100.

Is coincheap ársa sa Ghaeilge an focal 'machnamh' a chuimsíonn marana, smaoineamh agus cuimhneamh. Sa bhliain atá amach romhainn, óstálfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn sraith seimineár a thabharfaidh cuireadh do dhaoine machnamh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse, ar Chomhráite an Chonartha, ar Chogadh na gCarad agus ar an gCríochdheighilt. 
Roinnfidh scoláirí ó chúlraí éagsúla agus le raon léargas acu a gcuid tuisceana agus machnaimh ar an gcomhthéacs agus ar na himeachtaí sa tréimhse mhúnlaitheach sin céad bliain ó shin agus ar chineál an chomórtha féin. 
 
Trí Machnamh 100, éascóidh an tUachtarán Ó hUigínn cur i láthair agus plé ar théamaí ar leith, chun iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den tréimhse sin in aistear na hÉireann agus a hoidhreacht i dtaca leis na sochaithe agus na dlínsí a tháinig chun cinn ina dhiaidh sin.

Sraith Machnaimh le hUachtarán na hÉireann

Ar cuireadh ón Uachtarán Ó hUigínn, bhí an staraí agus an craoltóir an Dr John Bowman ina chathaoirleach ar thrí sheimineár faoi Chogadh na Saoirse dar teideal ‘Comóradh, Coinbhleacht agus Leas an Phobail’. 
 
Bhí an chéad cheann de na trí sheimineár, dar dteideal 'Dúshláin an Chomórtha Phoiblí', ar siúl i mí na Nollag 2020. Le linn an tseimineáir, rinneadh machnamh ar an gComóradh féin agus ar chomhthéacsanna na n-imeachtaí náisiúnta agus domhanda céad bliain ó shin.  
Thosaigh an tUachtarán le machnamh dar dteideal “ Ar Chomóradh Céad Bliain agus an Fhlaithiúlacht riachtanach agus Machnamh á dhéanamh ar Chuimhne, ar Stair agus ar Mhaithiúnas”.
D’fhreagair na cainteoirí seo a leanas: an tOllamh Ciarán Benson, an tOllamh Anne Dolan, an tOllamh Michael Laffan agus an tOllamh Joep Leerssen.
 
Reáchtáladh an dara seimineár, “Impireacht: Instinní, Leas, Cumhacht agus Frithbheartaíocht”, ar an 25 Feabhra 2021 agus mar chuid dó rinneadh machnamh ar Impireachtaí Eorpacha tar éis an Chéid Chogadh Domhanda, Impireacht na Breataine go háirithe, an dearcadh impiriúil agus an fhreagairt ar eachtraí in Éirinn. San áireamh freisin bhí samplaí den fhrithghníomhú in aghaidh Impireachta in Éirinn agus an neamhspleáchas.
Thug an tOllamh John Horne, ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an príomh-mhachnamh a raibh léargas ar fáil ann den chomhthéacs idirnáisiúnta inar tharla eachtraí Éire na 1920í, titim na n-impireachtaí agus cumhacht/stádas faoi leith na Breataine san áireamh. 

D’fhreagair na cainteoirí seo a leanas: an tUachtarán Ó hUigínn, an tOllamh Eunan O’Halpin (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), an Dr Marie Coleman (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), an tOllamh Alvin Jackson (Ollscoil Dhún Éideann) agus an Dr Niamh Gallagher (Coláiste Naomh Caitríona, Cambridge). 

 
 
Reáchtálfar an tríú seimineár, dar teideal “Athshlánú na Todhchaí Samhalta” i mí Bealtaine. Déanfaidh an seimineár iniúchadh ar cheisteanna faoin aicme sóisialta, talamh agus ról na mban, topaicí iad seo atá fite fuaite go daingean i gcomhthéacs Éire an fichiú haois, agus an chaoi ar fhorbair cineálacha éagsúla foréigin a fíodh isteach sna hábhair seo uilig, a dtáinig iarmhairtí astu a ndéanfadh Éire an lae inniu a mhúnlú. 

  
I measc na n-ábhar a bheidh le plé beidh, gan ach a bheagán a lua, tionchar Ceist na Talún ar náisiúnachas Éireannach agus cruth na tsochaí a d’eascair as an streachailt náisiúnach le dul i ngleic le hiarmhairtí sóisialta agus cultúrtha; iarmhairtí streachailt an neamhspleáchais ar mhná, mar aon lena ról sa ghníomhaíochas agus rannpháirteachas; cuirfear todhchaí indéanta san áireamh i gcomhthéacs na gcainteanna idir an Bhreatain agus idirghabhálaithe na Dála tar éis an chéid chruinniú parlaiminte Thuaisceart Éireann (Meitheamh 1921) agus sos cogaidh míleata (Iúil 1921).

Tabharfaidh an Dr Margaret O’Callaghan (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) príomh-mhachnamh an tseimineáir, agus freagróidh na cainteoirí seo a leanas: an Dr Caitríona Clear (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), an tOllamh Linda Connolly (Ollscoil na hÉireann, Má Nuad), an tUasal Catríona Crowe, cartlannaí, agus an Dr John Cunningham (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh).