Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin in ómós na Féile Pádraig

Sat 17th Már, 2018 | 17:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Saturday, 17th March, 2018

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin in ómós na Féile Pádraig

Gach bliain, déanann an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Lá Fhéile Pádraig a chomóradh trí fháilte a chur roimh ghrúpaí agus dhaoine a bhfuil a gcion féin déanta acu ar son shochaí na hÉireann. Anuraidh dhírigh an fáiltiú ar a raibh bainte amach ag mná i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta, agus an bhliain roimhe sin, thug an tUachtarán aitheantas do Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann as a gcuid oibre tarrthála sa Mheánmhuir. 
I mbliana, bainfidh an tUachtarán leas as fáiltiú Lá ‘le Pádraig chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcuid orgán deonaithe acu, chomh maith leo siúd a fuair orgán aistrithe agus le pearsanra míochaine a raibh baint acu le hobráidí aistrithe.