Fáiltiú  faoi scáth an Uachtaráin chun suiteáil Pangur Bán, dealbh le Imogen Stuart a cheiliúradh

Mái 21st Ean, 2020 | 14:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Tuesday, 21st January, 2020

Fáiltiú  faoi scáth an Uachtaráin chun suiteáil Pangur Bán, dealbh le Imogen Stuart a cheiliúradh

D'oscail an tUachtarán Ó hUigínn fáiltiú chun suiteáil “Pangur Bán”, dealbh de chuid Imogen Stuart, in Áras an Uachtaráin a cheiliúradh.

Tá an dealbh suiteáilte anois in achar fáiltithe Áras an Uachtaráin, ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a raibh sé ar taispeáint, mar a mbeidh cuid mhaith den 20,000 duine a thugann cuairt gach bliain ar an teach ábalta é a fheiceáil.

Tá an suiteán ealaíne a cruthaíodh in 1976 bunaithe ar dhán ón 9ú haois, a scríobhadh i nGaeilge agus a fuarthas ar imeall lámhscríbhinne i mainistir Naomh Pól san Ostair.