Óstálann an tUachtarán searmanas Bhronnadh Ghradaim Scothsheirbhíse an Uachtaráin

Déa 8th Nol, 2022 | 01:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 08th December, 2022

Óstálann an tUachtarán searmanas Bhronnadh Ghradaim Scothsheirbhíse an Uachtaráin

Ag searmanas in Áras an Uachtaráin bronnfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Gradaim Scothseirbhíse an Uachtaráin. 
 
Bronnann an tUachtarán na gradaim gach bliain, mar aitheantas ar an tseirbhís a thug phobail Éireannacha thar lear don tír seo.
 
Bunaíodh na Gradaim in 2011, mar bhealach le haitheantas a thabhairt d’ionchur bhaill diaspóra na hÉireann, agus bhronn an tUachtarán Ó hUigínn an chéad ghradam in 2012.
 
Trína sheal ar fad in oifig, leagann an tUachtarán Ó hUigínn béim ar nádúr domhanda oidhreacht chultúrtha na hÉireann, luach an diaspóra agus an stair agus an fhéiniúlacht chomhroinnte atá againn “in ainneoin na dteorainneacha, na mara agus na mílte eadrainn”.