Cuireann an tUachtarán crann i gcuimhne ar Tom Johnson (1872-1963)

Déa 27th Aib, 2023 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 27th April, 2023

Cuireann an tUachtarán crann i gcuimhne ar Tom Johnson (1872-1963)

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn crann i gcuimhne ar Tom Johnson (1872-1963), údar Chlár Oibre Poblacánaighe na Dála. Mar Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, ba é Johnson céad Cheannaire an Fhreasúra, ról a bhí aige idir 1922-1927.

Bhí cur an chrainn mar chuid d’fháiltiú faoi scáth an Uachtaráin le ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain ó bunaíodh Cumann Staire Lucht Saothar na hÉireann. Cuireadh  Cumann Staire Lucht Saothar na hÉireann ar bun i 1973 leis na taifid agus na cuimhní cinn, idir scríofa agus labhartha, mhuintir lucht oibre na hÉireann agus a n-eagraíochtaí a chaomhnú. D’fhreastail figiúirí mór le rá ón ré seo agus ón am atá caite ón ngluaiseacht lucht oibre ar an ócáid.