Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin - maidir le Gaineamhlú agus Ról na hÉireann sa Dúshlán Domhanda seo

Lua 26th Már, 2018 | 17:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Monday, 26th March, 2018

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin - maidir le Gaineamhlú agus Ról na hÉireann sa Dúshlán Domhanda seo

D’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn fáiltiú le tacú le tionscadal “Laudato Tree”. 

Le hinspioráid ó “Laudo Si”, ciorclán comhshaoil 2015 an Phápa Francis agus tionscadal “Balla Mór Glas” ar fud 11 tír san Afraic, tá sé mar aidhm ag tionscadal “Laudato Tree” tacaíocht a thógáil don ghníomh aeráide agus plandáil crann, in Éirinn agus sa réigiún Sahel.

 

 

Labhair an tUachtarán Ó hUigínn go minic faoin tábhacht a bhaineann leis an ngaineamhlú, agus a chúiseanna, a chomhrac, lena n-áirítear bochtaineacht, neamhdhaingne bia, athrú aeráide, díghrádú talún agus beartais a dhéanann imeallú ar dhaoine, agus léirigh sé go mbraitheann ár rachmais agus folláine don todhchaí ar ár gcumas chun ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint agus a athshlánú.

“Ní mór dúinn ar fad lena gcumais agus acmhainní éagsúla dúshlán a thabhairt dúinn féin teacht aníos le réitigh leis na saincheisteanna gan réiteach go fóill, an bhochtaineacht dhomhanda, neamhdhaingne bia, gaineamhlú, leibhéil mhí-oiriúnacha fiachais, trádáil chlaonta agus mí-úsáidí cumhachta a bhfuil cur síos leathan déanta orthu.”

– an tUachtarán Ó hUigínn, Dún Éideann, Meitheamh 2016

“Tarlaíonn gaineamhlú, díghrádú ithreach, truailliú uisce, minicíocht mhéadaithe stoirmeacha agus imeachtaí aimsire millteanacha eile mar gheall ar athrú aeráide a tharlaíonn de bharr astaíochtaí ón domhan tionsclaithe, agus bíonn i bhfad níos mó de dhrochthionchar acu ar na réigiúin is boichte, nach bhfuil sé de chumas acu freagairt dóibh, uaireanta mar gheall go mbíonn an oiread fiacha orthu féin agus mar gheall nach bhfaigheann siad na deiseanna a thagann ó chúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta, ní hamháin i dtaobh bia agus slándála, ach sa tsláinte féin.”

– an tUachtarán Ó hUigínn, Washington, Deireadh Fómhair 2015