Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh H.E. Mr. Sandeep Kumar, Ambasadóir an India

Lua 27th Meá, 2021 | 11:30
suíomh: (Dublin) Áras an Uachtaráin

(Dublin) Áras an Uachtaráin

Monday, 27th September, 2021

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh H.E. Mr. Sandeep Kumar, Ambasadóir an India

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh H.E. Mr. Sandeep Kumar, Ambasadóir an India a bhí ar cuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin agus slán á fhágáil aige.

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.