Ócáid ar scáth an Uachtaráin le pardún iarbháis a thabhairt don Uasal Maolra Seoighe

Céa 4th Aib, 2018 | 17:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Ócáid ar scáth an Uachtaráin le pardún iarbháis a thabhairt don Uasal Maolra Seoighe

Ar an gCéadaoin an 4 Aibreán shínigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn barántas a thug pardún iarbháis don Uasal Maolra Seoighe, maidir lena chiontú i mí na Samhna 1882 agus a chur chun báis ar an 15 Nollaig 1882.  

Faoi Airteagal 13.6 den Bhunreacht, tá ceart maithiúnais agus cumhacht chun maolaithe nó loghtha pionóis a ghearrtar sna cúirteanna ag an Uachtarán, ach ní mór don Uachtarán gníomhú de réir chomhairle an Rialtais.  

Níor tugadh ach cúig phardún ón Uachtarán ó 1937 i leith, agus is é an ceann seo an chéad cheann a moladh i dtaca le cás a tharla roimh bhunú an Stáit.