Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin, agus Sabina Higgins, le Cóisir sa Gháirdín

Lua 3rd Iúi, 2017 | 14:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin, agus Sabina Higgins, le Cóisir sa Gháirdín

Gach bliain, cuireann an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín sraith Cóisirí Gairdín ar siúl chun aitheantas a thabhairt do shaothar daoine agus eagras a bhíonn gníomhach i dtaca leis an tsaoránacht agus leis an bpobal a thógáil agus a chur chun cinn agus an saothar sin a cheiliúradh – tionscadail atá lárnach in Uachtaránacht Mhichíl D. Uí Uigínn.

Leanann na Cóisirí Gairdín traidisiún a bhunaigh Iar-Uachtaráin, agus thar chúrsa 8 n-imeacht, cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte roimh níos mó ná 4,000 duine ó gach uile chearn d’oileán na hÉireann chuig Áras an Uachtaráin, an teach agus na gairdíní.