Cóisir sa Gháirdín ag an bPobal, ar scáth an Uachtaráin Ó Uigínn, agus Sabina

Déa 6th Iúi, 2017 | 14:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Cóisir sa Gháirdín ag an bPobal, ar scáth an Uachtaráin Ó Uigínn, agus Sabina

Ba é Lá an Phobail an 7ú himeacht i sraith na gCóisrí Gairdín 2017.

Gach bliain cuireann an tUachtarán agus Saidhbhín Bean Uí Uigínn sraith Cóisirí Gairdín ar siúl in Áras an Uachtaráin chun obair na ndaoine agus na n-eagras atá gníomhach i gcúrsaí saoránachta agus pobail a cheiliúradh – téamaí atá lárnach in Uachtaránach Mhichíl D. Uí Uigínn.

Tugadh cuireadh do níos mó ná 400 duine le bualadh leis an Uachtarán agus le Saidhbhín Uí Uigínn ag imeacht Lá an Phobail, le ceiliúradh a dhéanamh ar ghrúpaí deonacha agus ar shaoránaigh ghníomhacha, ar fud na tíre, atá ag obair chun Éire níos fearr agus níos cuimsithí a thógáil.

Is gné den fhéilire iad na Cóisirí Gairdín in Áras an Uachtaráin ó aimsir Chéad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde.

Agus iad ag leanúint leis an traidisiún, cuireann an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn sraith Cóisirí Gairdín ar siúl agus cuireann siad fáilte roimh shaoránaigh chuig an Áras chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair daoine agus eagras sibhialta ó gach cearn in Éirinn.  

Tugann na Cóisirí Gairdín deis d’Uachtarán na hÉireann buíochas a ghlacadh leo siúd a thugann tacaíocht do dhaoine agus do phobail leochaileacha, chomh maith le moladh a thabhairt do ghrúpaí saoránach agus eagras gníomhach a chuir seirbhís ar fáil don tsochaí agus do phobail áitiúla.  

I mbliana, mar shampla, chuir an tUachtarán agus Saidhbhín béim ar na téamaí seo a leanas – an cultúr, pobail na n-oileán, an cúram baile agus sóisialta, an                t-uchtú, teaghlaigh, an cheardaíocht agus na healaíona cruthaitheacha, agus grúpaí pobail.  

le linn na gCóisirí Gairdín i mbliana, chuir an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte roimh níos mó ná 4,000 duine ó gach cearn d’oileán na hÉireann chuig a n-áit chónaithe i bPáirc an Fhionnuisce.