Cruinniú príobháideach ag an Uachtarán leis an bPápa

Lua 22nd Bea, 2017 | 10:00
suíomh: Cathair na Vatacáine, An Róimh, An Iodáil
Cruinniú príobháideach ag an Uachtarán leis an bPápa

Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn leis an bPápa Proinsias Rónaofa sa Vatacáin inniu. 

Le linn a gcruinnithe, phléigh an tUachtarán Ó hUigínn agus an Pápa Proinsias Rónaofa raon ceisteanna a raibh suim ag an mbeirt iontu, ina measc an imirce, an t-athrú aeráide, an fhorbairt inbhuanaithe, an teip ar chosc a chur ar bhagairtí coimhlinte atá ag dul i méid, an bhochtaineacht dhomhanda, an gá le comhtháthú sóisialta a bhaint amach, luachanna na comhpháirtíochta agus na freagrachta domhanda sna cainteanna atá le teacht ar thodhchaí na hEorpa. 

Labhair an tUachtarán agus an Pápa Proinsias faoina gcreideamh comhroinnte gur cheart go mbeadh ceangail nua idir an eitic, an eacnamaíocht agus an éiceolaíocht i gcroílár gach obair atógála sóisialta agus intleachtúla sa chéad bliain seo. D’aontaigh siad freisin nach bhféadfaí aon réiteach a fháil ar na ceisteanna atá romhainn gan dul i ngleic ar bhealach éigin eile leis an rud ar thug an Pápa ‘domhandú na neamhshuime’ air.

Bhí an tUachtarán agus an Pápa ar aon intinn maidir leis an ngá le práinn a bheith ag baint leis na dúshláin reatha atá le haithint i gcláir cruinnithe, leithéid an chruinnithe G7 i Taormina, agus leis an ngá le freagairtí nua agus éifeachteacha ar dhúshláin dhomhanda a chruthú. Go háirithe, d’aontaigh siad leis an ngá leis na gealltanais ar chuir an pobal a mhuinín iontu a thiontú ina dtorthaí agus ina ngníomhartha.

Cuireadh an tUachtarán ar an eolas maidir le ceapadh an Ardeaspaig Okolo mar Nuinteas an Phápa in Éirinn, rud ar chuir sé fáilte roimhe.