Thug an tUachtarán an príomhaitheasc ar shaol agus oidhreacht Eva Gore-Booth

hAo 14th Dei, 2016 | 19:00
suíomh: Teach na Comhdhála, Comhdháil na gCeardchumann, Londa

Teach na Comhdhála, Comhdháil na gCeardchumann, Londa

Friday, 14th October, 2016

Thug an tUachtarán an príomhaitheasc ar shaol agus oidhreacht Eva Gore-Booth

Dé hAoine 14 Deireadh Fómhair, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt aon lae ar Londain, chun príomhaitheasc a thabhairt ar shaol agus ar éachtaí Eva Gore-Booth.

Thug an tUachtarán aitheasc dar teideal “The Importance of Eva Gore-Booth’s Radical Vision in the Dramatic Historical Events in the late 19th and early 20th Centuries”, i Halla na Comhdhála i lár Londan.

Ina aitheasc, rinne an tUachtarán iarracht 'díchuimhne na staire a chur ina ceart'  trí mhachnamh a dhéanamh ar ionchur iontach Eva Gore-Booth, a ligtear i ndearmad go minic, i dtaca leis an troid ar son shaoirse na hÉireann, agus, i gcuideachta Esther Roper, ar son chearta na ndaoine gan chumhacht a raibh cead vótála bainte díobh i ranna áirithe i sochaí na Breataine.

Thug sé a aghaidh, freisin, ar ról Eva Gore-Booth in eagrú na mban oibre i Manchain agus i dtionscal na teicstíle, sa ghluaiseacht ar son vótá a bhaint amach do mhná, agus sa bhaint a bhí aici le himeachtaí 1916 agus lena deirfiúr Constance Markievicz.

Níos luaithe sa lá, d'fhreastail an tUachtarán ar imeacht a d'óstáil Ambasadóir na hÉireann chuig an RA, Daniel Mulhall. 

Cliceáil ar na cluaisíní Fuaime, Grianghraif, Óráidí Físean chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Imeachtaí gaolmhara: