Ceapann an tUachtarán an Breitheamh Micheál P. O’Higgins agus an Breitheamh Rory Mulcahy chun a bheith ina mBreithimh ar an Ard-Chúirt

Mái 4th Aib, 2023 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Tuesday, 04th April, 2023

Ceapann an tUachtarán an Breitheamh Micheál P. O’Higgins agus an Breitheamh Rory Mulcahy chun a bheith ina mBreithimh ar an Ard-Chúirt

Cheap an tUachtarán an tUasal Micheál O’Higgins agus an tUasal Rory Mulcahy mar Bhreithiúna den Ard-Chúirt ag searmanas ag Áras an Uachtaráin.

D’fhreastail na daoine seo a leanas ar an searmanas chomh maith:
An Tánaiste, an tUasal Micheál Martin T.D.
An tAire Simon Harris T.D.
An tArd-Aighne, an tUasal Rossa Fanning C.U.
Rúnaí Cúnta Roinn an Taoisigh, an tUasal Dermot Woods
Ard-Rúnaí an Uachtaráin, an Banuasal Orla Hanrahan

Tá an chumhacht ag an Uachtarán faoin mBunreacht an Taoiseach a cheapadh, ach é/í a bheith ainmnithe ag Dáil Éireann, chomh maith le comhaltaí eile an rialtais arna n-ainmniú ag an Taoiseach agus ceadaithe ag an Dáil. I measc na sealbhóirí oifige eile a cheapann an tUachtarán, ar chomhairle an rialtais, bíonn Breithiúna, an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus oifigigh choimisiúnaithe Óglaigh na hÉireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Ról Bunreachtúil an Uachtaráin, cliceáil anseo.

https://president.ie/ga/an-tuachtaran/rol-bunreachtuil