Cuairt an Uachtaráin agus Sabina chuig Príosún Freemantle

Sat 7th Dei, 2017 | 15:40
suíomh: Perth, An Astráil

Perth, An Astráil

Saturday, 07th October, 2017

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina chuig Príosún Freemantle

Thug an tUachtarán cuairt ar phríosún Fremantle, iarphríosún agus Láithreán Oidhreachta Domhanda a bhfuil suntas nach beag ag baint leis i stair na hÉireann agus na hAstráile.

Tar éis don chéad long a d’iompair daoránaigh teacht go cuan Fremantle Harbour in 1850, chuaigh beagnach 10,000 daoránach tríd an mbunáit idir 1850 agus 1868, roinnt príosúnach Fíníneach ina measc a tháinig ar an Hougoumont, an long dhaoránach dheiridh a sheol chuig an Astráil, a tháinig le cé in Fremantle ar an 9 Eanáir 1868. Le linn an aistir chuir roinnt Fíníneach seacht n-eagrán de pháipéar nuachta ar fáil ar bord loinge a raibh an teideal The Wild Goose air, agus tá siad fós ar fáil i leabharlann stáit New South Wales.