Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Institiúid Teicneólaiochta na Gaillimhe – Mhaigh Eo…

hAo 10th Sam, 2017 | 12:00
suíomh: Leitir Fraic, Gaillimh
Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Institiúid Teicneólaiochta na Gaillimhe – Mhaigh Eo…

...Leitir Fraic, i dtaca lena gComóradh Cinn 30

 

Thug an tUachtarán agus Saidhbhín cuairt ar an ITGM i Leitir Fraic, ionad barr feabhais i dtaca le dearadh troscáin agus le teicneolaíocht an adhmaid, ar chothrom lae tríocha bliain a bhunaithe ar an gcampas.  
 

Bunaíodh campas Leitir Fraic de chuid an ITGM i gcomhpháirtíocht leis an ngrúpa forbartha pobail Connemara West, a cheannaigh foirgnimh na Scoile Saothair i Leitir Fraic in 1978, agus Institiúid Teicneolaíochta Ghaillimh Mhaigh Eo a bhunaigh clár scileanna adhmadóireachta, a d’urraigh an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg ag an am.

Snoíodh cuid den adhmad a d’úsáid an coláiste as crainn a leagadh le linn stoirme san Áras agus i bPáirc an Fhionnuisce. Ba chéimí de chuid Leitir Fraic, John Lee, a dhear an Chathaoir Insealbhaithe agus ba mhic léinn agus baill foirne sa choláiste a dhear agus a chruthaigh léachtáin in Áras an Uachtaráin.