Nochtann an tUachtarán agus Sabina Dealbh Luke Kelly nach maireann, le Vera Klute

Céa 30th Ean, 2019 | 15:30
suíomh: Sráid na nGildeanna/ Sráid an tSirriam, Baile Átha Cliath
Nochtann an tUachtarán agus Sabina Dealbh Luke Kelly nach maireann, le Vera Klute

Nocht an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn dhá dhealbh in onóir do Luke Kelly, Baile Átha Cliathach iomráiteach, ceoltóir agus gníomhaí.

Ba é John Coll a chruthaigh an chéad dealbh, an fear céanna a chruthaigh dealbha Patrick Kavanagh agus Brendan Behan i mBaile Átha Cliath. Tá Luke Kelly ina shuí agus é ag canadh agus ag seinm an bhainseó sa dealbh atá ar mhéid nádúrtha. Bhronn Gerry Hunt, nach maireann, an dealbh ar an gcathair agus beidh sé lonnaithe ar Shráid an Rí Theas.

Ba í Vera Klute, portráidí, a chruthaigh an dara dealbh, portráid de cheann Luke Kelly déanta as marmar, a bheidh lonnaithe ar an gCanáil Ríoga. Roghnaíodh píosa Vera, atá dhá mhéadar ar airde, d'aon ghuth mar bhuaiteoir ar chomórtas a bhunaigh an tArd-Mhéara ag an am, Christy Burke, in 2014.

Bhí Saidhbhín Uí Uigínn ar dhuine de chomhbhunaitheoirí an Focus Theatre, in éineacht le Deirdre O'Connell, agus bhí sí ina cailín coimhdeachta ar phósadh Dheirdre le Luke Kelly in 1965.