An tUachtarán agus Sabina ag marcáil Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta Thubaiste Chernobyl

Lua 26th Aib, 2021 | 09:00

Monday, 26th April, 2021

An tUachtarán agus Sabina ag marcáil Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta Thubaiste Chernobyl

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín ina gceannairí feadhna ar shearmanas lasta coinneal le comóradh a dhéanamh ar 35 bliana ó thubaiste núicléach mhillteach Shearnóbail.

D’fhógair na Náisiúnaithe Aontaithe Dé Luain 26 Aibreán mar ‘Lá Cuimhneacháin Shearnóbail’ le comóradh a dhéanamh orthu siúd a thug a n-anamacha ar mhaithe le himpleachtaí tubaisteacha na hanachaine a chosc, mar aon leis na daoine a d’fhulaing agus a bhásaigh de dheasca na n-iarmhairtí ón tubaiste núicléach is measa i stair an duine daonna.

In 2017, rinneadh an chéad cheann Stáit lena thacaíocht a thabhairt do Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin Shearnóbail den Uachtarán Ó hUigínn. Ina litir thacaíochta don togra, thagairt sé don tubaiste i 1986 ag imoibreoir uimh. 4 I Stáisiún Núicléach Shearnóbail mar “lá dorcha i stair an duine”. (Brúigh anseo le teachtaireacht thacaíochta an Uachtaráin a léamh)

 

Imeachtaí ábhartha