An tUachtarán agus Saidhbhín ag glacadh páirt in “Uair ar son an Domhain” 2023

Sat 25th Már, 2023 | 20:30
An tUachtarán agus Saidhbhín ag glacadh páirt in “Uair ar son an Domhain” 2023

Dé Sathairn, 25 Márta, casfar as na soilse in Áras an Uachtaráin. Mar a rinne siad sna blianta roimhe seo, tá sé iarrtha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín go gcasfaí as gach solas nach bhfuil gá leis in Áras an Uachtaráin ó 8.30 pm go 9.30 pm, chun “Uair ar son an Domhain” a chomóradh.

Is ócáid dhomhanda ar son na dlúthpháirtíochta maidir le gníomhú ar son na haeráide atá in Uair ar son an Domhain, nuair a chasfar as na soilsí in os cionn 350 de na sainchomharthaí is aitheanta ar domhan, amhail Túr Eiffel, an  Empire State Building agus Áras Ceoldrámaíochta Sydney, agus sna milliúin tithe cónaithe chomh maith.