An tUachtarán agus Saidhbhín ag glacadh páirt in “Uair ar son an Domhain” 2021

Sat 27th Már, 2021 | 20:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Saturday, 27th March, 2021

An tUachtarán agus Saidhbhín ag glacadh páirt in “Uair ar son an Domhain” 2021

Mar atá déanta le blianta beaga anuas, rinne an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn an Uair ar son an Domhain a chomóradh.

Le linn na hUaire ar son an Domhain, casfar as gach solas nach bhfuil riachtanach in Áras an Uachtaráin, seachas an "solas san fhuinneog" ar son an diaspóra de chuid an Uachtaráin.  

Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: 

"Tá sé iarrtha agam féin agus Saidhbhín go gcasfaí as na soilse in Áras an Uachtaráin le linn 'Uair ar son an Domhain' - gluaiseacht dhomhanda dlúthpháirtíochta chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le gníomhú chun ár bpláinéad leochaileach a chosaint ó éifeachtaí an athraithe aeráide.

Tá cúrsaí inbhuanaitheachta, éiceolaíochta agus athraithe aeráide caite i dtraipisí ó thaobh beartais de mar gheall ar Covid-19.  Caithfear iad a thabhairt chun tosaigh arís ar bhonn práinne.

Tá an t-am á mheilt inár dtroid chomónta in aghaidh an athraithe aeráide agus an chaillteanais bithéagsúlachta. Ní mór dúinn an dearcadh atá anois ann maidir le glasú ár ngeilleagair agus ár sochaí a mhúscailt, an gníomh atá riachtanach a chur i bhfeidhm, mar a léirítear i gComhaontú Pháras agus sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun toil na saoránach ar fud an domhain a fhíorú. 

Is féidir féachaint ar chasadh as na soilse mar ghníomh siombalach agus mar chuireadh dúinn mar shaoránaigh ár gcumhacht féin a chasadh air. Tá sé in am anois againn gealladh go dtógfaimid sochaí agus geilleagar níos inbhuanaithe agus sinn ag féachaint chun cinn ar shaol níos fearr i ndiaidh Covid ar ár bpláinéad leochaileach roinnte."