Dearcán na nDaoine á nochtadh go hoifigiúil ag an Uachtarán agus Sabina

Déa 14th Nol, 2017 | 12:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 14th December, 2017

Dearcán na nDaoine á nochtadh go hoifigiúil ag an Uachtarán agus Sabina

Déardaoin 14 Nollaig, rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn dealbh ealaíne poiblí a nochtadh i searmanas in Áras an Uachtaráin.

Is í an t-ealaíontóir Éireannach Rachel Joynt a chruthaigh ‘Dearcan na nDaoine - the People’s Acorn’ agus lonnadh i dtailte Áras an Uachtaráin é, mar chuid de chomóradh céad bliain 1916 an Stáit.

Bhí 170 páiste ó 7 scoil, a chuir a gcuid smaointe agus a mianta maidir le todhchaí na hÉireann ar fáil, agus seandaoine a scríobh a gcuid cuimhní cinn agus a mianta le cur i dtaisceadan todhchaí, i láthair ag an searmanas. I láthair chomh maith, bhí roinnt ealaíontóirí, ionadaithe an chláir ‘Éire 2016’ agus na moltóirí a roghnaigh an dearadh buaiteach.

Tá an teilgean cré-umha críochnúil den dearcan 2.8 méadar ar fhad agus 1.7 méadar ar airde, le dromchla uigeach ina bhfuil lorg de phinn luaidhe ar mhéid nádúrtha, agus beidh sé le feiceáil ón bPóirseáid Theas in Áras an Uachtaráin agus ó bhealaí siúil i bPáirc an Fhionnuisce.