Fáiltíonn an tUachtarán Ó hUigínn agus a chéile, Sabina roimh A Naofacht, An Pápa Proinsias

Sat 25th Lún, 2018 | 10:45
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an tUachtarán Ó hUigínn agus a chéile, Sabina roimh A Naofacht, An Pápa Proinsias

Dé Sathairn 25 Lúnasa chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh a Naofacht, an Pápa Proinsias chuig Áras an Uachtaráin.   

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh a Naofacht go hÉirinn ar son mhuintir na hÉireann. Ba é seo an tríú cruinniú idir an bheirt Cheann Stáit. 

Le linn a gcruinnithe, lean an tUachtarán Ó hUigínn agus a Naofacht, an Pápa Proinsias, lena bplé roimhe seo ar raon leathan ábhar ar cúis imní dóibh beirt iad, agus chuireadar béim ar an ngá le gníomh comhbheartaithe idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide, an éagothroime, an bhochtaineacht, an choimhlint fhoréigneach agus an imirce. 

Labhair an tUachtarán agus a Naofacht ar an gcreideamh láidir atá acu beirt gur cheart go mbeadh an comhtháthú sóisialta, an dlúthpháirtíocht agus cearta an duine i gcroílár aon fhreagairt pholaitiúil agus phearsanta ar na dúshláin atá ag teacht roimh phobail domhanda. Tá freagairt ghafa ar a riachtanais tuillte ag glúine na linne seo agus ag na glúine atá le teacht, a bhfuil na dúshláin sin rompu, agus tá bonn le cur faoina ndóchas go mbeadh pláinéad inmharthana, a mbeadh daoine idirspleácha air, tuillte acu chomh maith. Dúirt an tUachtarán gur roinn sé an imní atá air faoi spadántacht na freagartha domhanda, rud ar thug a Naofacht ‘domhandú na neamhshuime’ air.  

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn tagairt don ionchur tábhachtach sa díospóireacht, a ndearna a Naofacht cuntas achoimre air ina imlitir cheannródaíocht ‘Laudato Si’, faoin tábhacht a bhaineann leis an éiceolaíocht, an eacnamaíocht agus an eitic a cheangal le chéile.


D’aontaigh an bheirt cheannaire ar an tábhacht le pobail agus daoine leochaileacha a chosaint, sa bhaile agus thar lear. Labhair an tUachtarán Ó hUigínn leis an bPápa Proinsias ar cheisteanna na heaspa dídine, na sláinte, an oideachais agus an chothúcháin. Tharraing an bheirt díobh aird ar an tábhacht a bhaineann le beartais chun gach cineál mí-úsáide pribhléide nó cumhachta a chosc agus a chur ina cheart.  

Labhair an tUachtarán Ó hUigínn lena Naofacht ar an gcaoi a sainítear Poblacht trí chomhionannas ceart, agus ar an gcaoi a raibh gníomhartha eisiata, ina measc iad sin a bhí bunaithe ar ghnéas agus ar an ngnéaschlaonadh, ina gcionsiocair le fulaingt uafásach a tharla agus atá fós ag tarlú.  

D’ardaigh an tUachtarán Ó hUigínn ceist na mórfhulaingthe agus an ghortaithe mhillteanaigh a tharla de thoradh na drochíde gnéis a tugadh do pháistí, ar dhaoine áirithe laistigh den  Eaglais Chaitliceach ba chúis léi, lena Naofacht. Labhair sé ar an bhfearg a cuireadh in iúl dó mar gheall ar an mbraistint a bhí ann go raibh freagracht ar dhaoine a leithéid de dhrochíde a chur faoi bhráid na n-údarás cuí chun gníomhaithe agus nach ndearna siad é, gan cás ná náire.    
Chuir an tUachtarán fáilte roimh an gcaint mhacánta agus neamhbhalbh a rinne a Naofacht nuair a thug sé aghaidh ar an gceist sin ina Imlitir chuig Pobal Dé. Chuir sé in iúl don Phápa Proinsias an tuairim choitianta atá ann go mbainfeadh gach duine tairbhe as sraith gníomhartha a thabharfadh na gealltanais riachtanacha do gach saoránach, ón am atá caite, san am i láthair agus san am le teacht, de gach creideamh agus gan aon chreideamh.

---

Tá an Pápa Proinsias ar an 266ú Pápa agus Easpag ar an Róimh agus ina Thiarna ar Chathairstát na Vatacáine. 

Bhuail an Pápa Proinsias agus an tUachtarán Ó hUigínn le chéile roimhe seo, ag insealbhú an Phápa i mí an Mhárta 2013 agus níos gairide i mí na Bealtaine 2017.

Luaigh an tUachtarán Ó hUigínn a raibh ráite ag an bPápa Proinsias ar ócáidí éagsúla; i measc na n-ócáidí bhí a Chuairt Oifigiúil chuig an Liotuáin agus a phríomhaitheasc ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.  

 

Speech at the launch of the ‘First Thought Talks’ strand of the Galway International Arts Festival  - June 2018

‘Ireland and Lithuania - Towards a shared future within the European Union’ - May 2018

* ‘Solidarity in Europe - Achieving Authenticity in the European Street’ - May 2018

Desertification - Ireland’s role in this global challenge - March 2018

Keynote address at Vietnam National University - November 2016

Address to the Members of the Diplomatic Corps - January 2016

Address to the United Nations Economic Commission for Africa - November 2014

Speech at the Tomorrow’s Leaders Conference - June 2014

Address to the Members of the Diplomatic Corps - January 2014

 

Nuair a bhuail an tUachtarán leis an bPápa Proinsias i mí na Bealtaine anuraidh, bhronn sé Clog na hAeráide ar an bpontaif.

Fógraíonn an clog, a rinne an t-ealaíontóir Éireannach Vivienne Roche, rabhadh siombalach faoi bhagairtí an athraithe aeráide. Tá an Pápa agus an tUachtarán araon tar éis a n-imní phráinneach faoin gceist seo a chur in iúl.