Cuireann An tUachtarán agus Sabina Higgins a gcrainn oifigiúla

Mái 3rd Már, 2015 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Cuireann An tUachtarán agus Sabina Higgins a gcrainn oifigiúla i dtaca le Seachtain Náisiúnta na gCrann, atá urraithe ag BSL.

 

Thar na blianta chuir an iliomad daoine mór le rá agus cuairteoirí crainnte i dtailte Áras an Uachtaráin. Chuir an Pápa John Paul II crann darach ar an bhfaiche os comhair na póirseáide ó dheas in 1979. Chuir an tUachtarán John F. Kennedy agus Éamon de Valera araon Wellingtonia ar na tailte nuair a thug Uachtarán SAM cuairt ar an 27 Meitheamh 1963. Tamall ó shin chuir an Bhanríon Eilís II agus an tUachtarán Barack Obama araon crann darach gallda gar do Chlog na Síochána le linn a gcuairteanna ar Éirinn i mBealtaine 2011, agus i Meitheamh 2016 chuir grúpa páistí crann chun an 40 páiste a bhásaigh le linn Éirí Amach 1916 a chomóradh.

Chuir Dúghlas de hÍde, agus é ina chéad Uachtarán ar Éirinn, leamhán Cornach ar fhaiche thuaidh Áras an Uachtaráin i mí an Mhárta 1939. Ó shin i leith chuir gach aon duine de naonúr Uachtarán na hÉireann crann oifigiúil i dtailte an tí chónaithe i bPáirc an Fhionnuisce.