Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina maidir le “Latching On” i ndáil leis an tSeachtain…

Lua 2nd Dei, 2017 | 10:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina maidir le “Latching On” i ndáil leis an tSeachtain…

...Náisiúnta um Beathú Cíche 

 

Saibhdhín Uí Uigínn le himeacht “Fáil an Bhrollaigh” a reáchtáil in Áras an Uachtaráin

Dé Luain 2 Deireadh Fómhair 2017, mar chuid den tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche, chuir Saidhbhín Uí Uigínn fáiltiú agus imeacht ‘Fáil an Bhrollaigh’ ar siúl in Áras an Uachtaráin.

Chuir Saidhbhín fáilte roimh níos mó ná 90 máthair a bhí ag tabhairt bainne chíche dá leanaí agus roimh a gcuid leanaí chomh maith lena lucht tacaíochta agus le feachtasóirí ar son an bheathaithe chíche. Bhí ionadaithe i láthair ó Cuidiú, Léig La Leche na hÉireann, Cairde an Chothaithe Chíche, Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann agus an Tionscnamh Sláinte Báúil le Leanaí, An Cumann um Fheabhsú i Seirbhísí Máithreachais in Éirinn, agus Cumann na gComhairleoirí Lachta in Éirinn.  

Tá cothú brollaigh ríthábhachtach d’fhás agus d’fhorbairt an linbh le linn a chéad bhliana. Soláthraíonn bainne cíche na tréithe cothaitheacha a theastaíonn ó leanaí go luath ina saol. Cuireann sé cosaint fhadtéarmach ar fáil don leanbh agus réitíonn sé an bealach le murtall a sheachaint sa leanbh. Cuidíonn cothú cíche le máithreacha teacht chucu féin níos tapa tar éis na breithe, le ceangal láidir a chothú lena leanbh agus le baol an dúlagair iarbhreithe agus an ailse chíche agus ubhagáin a laghdú.