Óstálann an tUachtarán agus Saidhbhín taispeántas de chuid HerStory faoi ‘Peace Heroines’

Céa 29th Már, 2023 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Wednesday, 29th March, 2023

Óstálann an tUachtarán agus Saidhbhín taispeántas de chuid HerStory faoi ‘Peace Heroines’

Beidh cothrom lae Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin ar an Luan 10 Aibreán 2023. Chun an ócáid a chomóradh, rinne an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn léiriú speisialta den taispeántas camchuairte Herstory dar teideal Banlaochra na Síochána a óstáil.  
 
Is ardán scéalaíochta ildisciplíneach a thugann léargas ar eiseamláirí na mban agus a cheiliúrann iad atá in Herstory. Tá sé mar aidhm ag Banlaochra na Síochána aird a tharraingt ar ionchur na mban i bpróiseas síochána Thuaisceart Éireann.
 
Déanfaidh an taispeántas camchuairt ar roinnt láithreacha ar fud na hÉireann chun cothrom lae Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin a chomóradh.