An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Mór-fhéasta Stáit in ómós dóibh beirt

Lua 14th Dei, 2019 | 19:30
suíomh: (An Chipir) Pálas an Uachtaráin

(An Chipir) Pálas an Uachtaráin

Monday, 14th October, 2019

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Mór-fhéasta Stáit in ómós dóibh beirt

Agus iad ar Chuairt Stáit ar an gCipir, d'fhreastail an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar Fhéasta Stáit ina n-onóir, arna óstáil ag an Uachtarán Anastasiades.

Mar chuid den Chuairt Stáit bhí cuairt ar an gcrios maolánach atá faoi stiúir na NA agus a roinneann an t-oileán ina dhá chuid, cruinnithe le Fórsa Coimeádta Síochána na NA sa Chipir, leis an mBuanchoiste um Dhaoine atá ar iarraidh agus le baill An Gharda Síochána atá lonnaithe sa Chipir.

Bhuail an tUachtarán, freisin, le Méara na Niocóise agus d'óstáil sé oíche chultúrtha don phobal Éireannach sa Chipir.

Thug an tUachtarán aitheasc, freisin, do Theach na nIonadaithe.

Tharla an Chuairt Stáit, an chéad cheann dá leithéid ar an gCipir ó Uachtarán na hÉireann ó 2006, de thoradh ar an gcuireadh ón Uachtarán Nicos Anastasiades, a thug cuairt ar Éirinn in 2016. Thug cuairt an Uachtaráin deis chun an caidreamh cairdis fadbhunaithe agus an dlúthpháirtíocht idir Éire agus an Chipir a athnuachan agus chun aitheantas a thabhairt d'ionchur na hÉireann i gcoimeád na síochána sa Chipir thar na scórtha bliain.