An tUachtarán agus Sabina i láthair ag comóradh deich mbliana Teach Dumfries

Céa 6th Meá, 2017 | 12:30
An tUachtarán agus Sabina i láthair ag comóradh deich mbliana Teach Dumfries

Ar cuireadh óna Shoilse Ríoga, An Prionsa Séarlas, agus a bheanchéile, Bandiúc Chorn na Breataine, chuaigh an tUachtarán agus Sabina go hAlbain, le freastal ar an gcomóradh deich mbliana a bhí beartaithe i dtaca le Teach Dumfries.

Chuir cuairt an Uachtaráin chun na hAlban leis an dialóg dhearfach a d'eascair ón sraith cruinnithe ardleibhéil, arbh é seo an ceann is deireannaí, agus is neartú breise é ar an gcairdeas leanúnach atá idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

D'fhreastail an tUachtarán agus Sabina ar imeachtaí a rinne comóradh ar ócáid oscailte an tí don phobal, deich mbliana ó shin. Cuireadh ar an eolas iad, leis, faoi na hiarrachtaí suntasacha atá idir lámha mar chuid de thionscadal Iontaobhais an Phrionsa, uasoiliúnt a dhéanamh ar bhuanna ógánach an cheantair atá faoi mhí bhuntáiste.

Cé go raibh Teach Dunfries i seilbh phríobháideach roimhe seo, tá an teach agus an eastát faoi bhainistíocht an Iontaobhais anois. Tagann 24,000 cuairteoir chun na háite in aghaidh na bliana; tá 150 duine fostaithe ann, agus cuirtear réimse áiseanna ar fáil don phobal áitiúil, ar a bhfuil cláracha oideachasúla, scileanna oiliúna, siúláin coille, clós súgartha, agus linn snámha faoin spéir. 

Bhí cruinnithe phríobháideacha ag an Uachtarán Ó hUigínn, agus Sabina lena n-óstaigh. Rinne siad freastal ar bheo-chraoladh cheadail - ceol clasaiceach – ag a cloiseadh den chéad uair riamh “Twilight Falls on Temple View” píosa ceoil atá cumtha ag an gcumadór Breatnach Paul Mealor in ómós do Theach Dumfries.