An tUachtarán agus Sabina i láthair ag searmanas fleascleagan ag Leacht Cuimhneacháin Chogaidh…

Lua 16th Dei, 2017 | 09:15
suíomh: Canberra, An Astráil
An tUachtarán agus Sabina i láthair ag searmanas fleascleagan ag Leacht Cuimhneacháin Chogaidh…

...na hAstráile  

 

Leag an tUachtarán fleasc ag an leacht cuimhneacháin a dhéanann comóradh ar na hAstrálaigh a maraíodh i gcogaí.

Tá sé mar aidhm ag Leacht Cuimhneacháin Cogaidh na hAstráile feasacht a chur chun cinn ar thaithí na hAstráile ar an gcogadh agus ar a thionchar buan ar shochaí na hAstráile.

Throid cuid mhaith Éireannach le Cór Airm na hAstráile agus na Nua Shéalainne (ANZAC) sa Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Rinne thart ar 6,600 fear, a rugadh in Éirinn, seirbhís i bhFórsa Impiriúil na hAstráile le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cuid mhaith díobh a tháinig go luath roimhe sin go dtí an Astráil: Is i ndiaidh 1909 a tháinig tuairim is dhá thrian de na hÉireannaigh a liostáil. Chomh maith leis sin, bhí cuid mhaith Éireannach a bhí i bhfórsaí na Breataine ag troid i dteannta le ANZAC in Gallipoli, eachtra thábhachtach i stair na hAstráile.

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn freastal ar chomóradh céad bliain an Chéad Chogaidh Dhomhanda sa Bheilg (Lúnasa 2014), Gallipoli (Aibreán 2015), an Somme (2016) agus Baile Átha Cliath (2016).

Féach ar na sonraí ar www.president.ie