An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Searmanas Fháiltithe Stáit

Mái 24th Dei, 2017 | 14:30
suíomh: Teach an Rialtais Wellington, An Nua-Shéalainn

Teach an Rialtais Wellington, An Nua-Shéalainn

Tuesday, 24th October, 2017

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Searmanas Fháiltithe Stáit

Cuireadh tús le Cuairt Stáit sé lá an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn, le searmanas fáilte ag Teach an Rialtais in Wellington, áit a raibh gnéithe foirmeálta chomh maith le gnéithe traidisiúnta Maoracha ag baint leis.

Cliceáil ar an táb físeáin chun sonraí an tsearmanais fáilte a fháil.

Bhí sé mar aidhm ag an gCuairt Stáit caidreamh láidir na hÉireann leis an Nua-Shéalainn a neartú, tacú leis an bpobal Éireannach sa Nua-Shéalainn, an trádáil agus an infheistíocht a chur chun cinn agus ceangail chultúrtha a neartú.

Meastar go bhfuil tuairim is 13,000 saoránach a rugadh in Éirinn sa Nua-Shéalainn, agus maíonn 18% den daonra gur de bhunadh na hÉireann iad. Bhí cultúr, luachanna agus tionchar na hÉireann inbhraite le linn stair chomhaimseartha na Nua-Shéalainne. Bhuail an tUachtarán le seanóirí Maoracha chomh maith le hionadaithe gnó, lucht acadúil, ealaíontóirí agus comhlachtaí spóirt in Wellington, Christchurch agus Auckland, agus beartaíodh cruinnithe a bheith aige leis an nGobharnóir Ginearálta, leis an bPríomh-Aire nuathofa agus le ceannairí polaitiúla eile.

Le linn na Cuairte Stáit, bhí cruinnithe ag an Uachtarán Ó hUigínn lena Soilse, an Bhantiarna Ró-Onórach Patsy Reddy, Gobharnóir Ginearálta na Nua-Shéalainne, an Príomh-Aire nuathofa Jacinda Ardern, agus Spéicéir Theach na nIonadaithe

Chomh maith leis sin, thug an tUachtarán cuairt ar Thailte Conartha Waitangi, Leacht Cuimhneacháin Chrith Talún Canterbury, agus ceanncheathrú Rugbaí na Nua-Shéalainne. Ina theannta sin, d'óstáil an tUachtarán Ó hUigínn imeachtaí i gcomhair na bpobal Éireannach in Wellington, Christchurch agus Auckland.