An tUachtarán agus Sabina i láthair ag lón ar scáth Turasóireacht Éireann

hAo 20th Dei, 2017 | 12:30
suíomh: Gáirdín Lusanna Sydney, An Astráil
An tUachtarán agus Sabina i láthair ag lón ar scáth Turasóireacht Éireann

Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín ina n-aíonna onóra ag lón gnó arna óstáil ag Turasóireacht Éireann i Sydney. 

Bhuail an tUachtarán le príomhionadaithe thionscal turasóireachta na hAstráile, tionscnóirí turas, aerlínte agus iriseoirí turasóireachta ina measc.   

Ina aitheasc, labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoi thionscal turasóireachta na hÉireann agus faoin gcaidreamh idir an cuairteoir agus an duine a dtugtar cuairt air agus ar an gcaoi a bhfuil Éire ag déanamh cinnte de go bhfuil cúram á dhéanamh díobh beirt – “níor cheart go gcloífeadh an éifeachtúlacht an fáilteachas riamh”.  

Ba í an aidhm a bhí le Cuairt Stáit an Uachtaráin ar an Astráil na ceangail eacnamaíochta, turasóireachta, chultúrtha agus pholaitiúla idir an dá náisiúin a threisiú. Sa chomhthéacs seo bhuail an tUachtarán le pobail Éireannacha in Perth, Melbourne, Hobart, Canberra, Sydney, agus Brisbane, chomh maith le hionadaithe tábhachtacha ó shaol an ghnó, na turasóireachta, an spóirt, an léinn, an chultúir agus na n-ealaíon. 

Cliceáil ar na táib thuas chun teacht ar fhótagraif, ar fhuaimrian agus ar fhíseáin den imeacht.