Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar ‘Orphans of the Great Hunger’ le The Old Tuam Society

Dom 4th Nol, 2022 | 15:00
suíomh: Portumna Workhouse, Port Omna, Co. na Gaillimhe

Portumna Workhouse, Port Omna, Co. na Gaillimhe

Sunday, 04th December, 2022

Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar ‘Orphans of the Great Hunger’ le The Old Tuam Society

D’fhreastail an tUachtarán agus Saidhbhín ar an dara léiriú de ‘Orphans of the Great Hunger’ sa Portumna Workhouse. 

Is dráma dhá ghníomh é The Orphans of the Great Hunger, scríofa ag Patricia King-Callaghan agus faoi stiúir Tom O’Donoghue. Insítear sa dráma scéal na ‘Orphan Girls’ a d’fhág Teach na mBocht i dTuam le bogadh chun na hAstráile ar an Scéim Earl Grey i 1948.
 
Bunaíodh The Old Tuam Society i 1942 le seansaol Thuama agus na gceantar máguaird a aibhsiú agus caomhnú a dhéanamh ar earraí a bhfuil spéis stairiúil ag baint leo.