Comhdháil ag Líonra Scholars at Risk - Rannóg na hÉireann - á hoscailt ag an Uachtarán

Mái 29th Sam, 2016 | 10:30
suíomh: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Comhdháil ag Líonra Scholars at Risk - Rannóg na hÉireann - á hoscailt ag an Uachtarán

Thug an tUachtarán an t-aitheasc oscailte ag an gcomhdháil "Ideas Are Not Crimes" a d’eagraigh rannóg na hÉireann den Scholars at Risk Network agus Universities Ireland.

Ina aitheasc, labhair an tUachtarán ar thábhacht na saoirse cainte, agus chuir sé béim ar an méadú sna hionsaithe ar phobail an ardoideachais ar fud an domhain, mar a bhfuil acadóirí á n-ionsaí mar gheall ar a gcuid focal, a gcuid smaointe nó a n-áit sa tsochaí.